Popular Pages

Share

Maidir le FocloirGaeilge.ie

Dul chun cinn...

Tá 5,057 ceannfhocail Ghaeilge sa bhfoclóir, le 6,005 mínithe focal bailithe.

Déan cairdeas linn ar Facebook

Cad é seo?

Is foclóir saor-in-aisce ar-líne comhoibritheach é FocloirGaeilge.ie. Tá sé scríofa agus curtha in eagar ag pobal na Gaeilge ar-líne. Is é sin tusa! Agus mise!

D'fhéadfá foclóir wiki a thabhairt air. Tá sé ar fáil as Gaeilge ag FocloirGaeilge.ie agus as Béarla ag Irishionary.com.

Is é aidhm an tionscnamh seo ná a bheith simplí. Is ea, ní foclóir cosúil le ceann an Dónallaigh é seo. Baineann simplíocht le gach cuid den tionscnamh seo.

Tá an tionscnamh níos láidre de bhar na simplíochta seo. Cialaíonn sé ligeant do phobal na Gaeilge ár bhfoclóir fhéin a mhéadú. Agus ciallaíonn sé gur simplí a fhéadtar rud a chuardach nó a chur in eagar ann.

(Má tá suim agat ann, tá éifeacht ag an leabhar “Getting Real” ar fhorbairt an tionscnaimh seo.)

Cad nach é seo?

Níl FocloirGaeilge.ie in ionad foclóirí clóbhuailte. Níl sé forbartha ag lucht foclóirí . Tá sé á fhorbart ag daoine cosúil leatsa a bhfuil suim acu i saol na teanga.

Sea, ach cad is cúis leis?

Samhlaigh é seo: tá thart ar 139,000 duine in Éirinn ag labhairt na teanga uair sa tseachtain ar a laghad. Ba mhaith leis an rialtas go mbeadh 250,000 á labhairt faoi cheann 2028 (Ó Cuív, Nua Eabhrac: Márta 2008).

Sa chomhthéacs seo, samhlaigh nach gcuireann Rialtas na hÉireann foclóir ar fáil do phobal na teanga. Is ea, cuireann sé foclóir clóbhuailte ar fáil tríd An Gúm. Ach, ní chuireann sé an bunachar sonraí d'fhocail ar fáil go saor do phobal na teanga.

I gcoinne an chúlra seo, ba mhian le FocloirGaeilge.ie a bheith áisiúil do phobal nua-aimseartha ar-líne na Gaeilge. Forbartha ag an bpobal seo. Agus ar fáil don phobal seo.